Níos mó ná leath mhilliún taifead staire ar fáil anois agus 194,000 cáipéis nua curtha le Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann
Posted on: 30 June 2026
Níos mó ná leath mhilliún taifead staire ar fáil anois agus 194,000 cáipéis nua curtha le Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann
Tá 194,000 taifead nua staire á bhfoilsiú ar líne inniu ionas gur mó ná leath mhilliún an líon iomlán atá ar fáil anois saor in aisce agus go buan i Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann.
Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath a dhéanann óstáil ar Mhaoinchiste Annála Samhalta na hÉireann(VRTI), le cistíocht ón Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, agus tá comhpháirtíocht idirnáisiúnta taighde i gceist a shaothraíonn ar mhaithe le hathshamhail dhigiteach Oifig Thaifid Phoiblí na hÉireann a chruthú — an chartlann iontach d’ábhar staire seacht gcéad bliain a scriosadh an 30 Meitheamh 1922 nuair a thosaigh Cogadh na gCarad.
Tá annála a bhaineann le gach ré de na seacht gcéad bliain sin le foilsiú i gcáipéisí na bliana seo, tuairisc ar mhuca a sholáthar don arm sa bhliain 1171, ceiliúradh i mBéal Feirste ar Réabhlóid Mheiriceá sa bhliain 1776 agus cur in aghaidh Fhuascailt na gCaitliceach sa bhliain 1828.
Mar a chéile leis na taifid ar fad sa Mhaoinchiste Samhalta a bhfuiltear ag cur leis go seasta, is cáipéisí na cinn seo — trascríbhinní agus cóipeanna — a tugadh chun suntais i níos mó ná 100 cartlann chomhpháirtí in Éirinn agus ar fud an domhain.
Chomh maith leis sin, ligeann bailiúcháin nua, arna dtiomsú ag staraithe de chuid an Mhaoinchiste, don phobal ábhar digitithe agus tráchtaireacht shaineolais air atá ceangailte le tráthanna cinniúnacha i stair na hÉireann, a chíoradh.

An tráth céanna, tá leathnú mór déanta ar Ghraf Eolais an Mhaoinchiste faoi Stair na hÉireann, arna chur ar fáil ag staraithe ar fhoireann an Mhaoinchiste agus eolaithe ríomhaireachta in ADAPT, Lárionad Thaighde Éireann don Teicneolaíocht Ábhair Dhigitigh faoi Thionchar na hIntleachta Saorga. Tá níos mó ná 15,000 duine ó stair na hÉireann ceangailte leis an nGraf Eolais anois, rud a fhágann 3.5 milliún fíric chónasctha staire le tapú ag an lucht úsáide. Is féidir, mar gheall ar na naisc seo, le lucht úsáide an Mhaoinchiste imeacht ó dhuine go duine, ó dhuine go tarlúint agus mar sin de agus ceangal á dhéanamh leis na taifid óna bhfuil tuairisc ar a scéal.
Ábhar nua i Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann 2026
- Fágann 194,000 taifead nua go bhfuil líon iomlán 544,000 taifead ar fáil sa Mhaoinchiste anois agus 340 milliún focal ar féidir cuardach a dhéanamh orthu maidir le stair na hÉireann.
- Feabhas ar an nGraf Eolais maidir le Stair na hÉireann: Tá 5,800 pearsa eile de chuid na staire curtha le Graf Eolais an Mhaoinchiste maidir le Stair na hÉireann, níos mó ná 3,500 ó thús ré na nua-staire (1550-1700), agus tuairim is 2,300 acu sin ar mná iad. Baineann isteach is amach le 2,300 den sé mhíle duine le ré na meánaoise nó le ré na Normannach. (VOICES, NAISC, DIB).
- Fuascailt na gCaitliceach, 1825-1829: Bailiúchán tiomsaithe trína ríomhtar an feachtas faoi cheannas Dhónaill Uí Chonaill agus Chompántas na gCaitliceach leis na mílte íomhánna digiteacha de litreacha, achainíocha, tuairiscí faisnéise agus comhfhreagras lucht rialtais. (Oifig Thaifid Phoiblí Thuaisceart Éireann, An Chartlann Náisiúnta, Coimisiún na Lámhscríbhinní, British Library).
- Stáit an Neamhspleáchais 1776-1783: Bailiúchán tiomsaithe trína léirítear an dlúthcheangal idir Éire agus an Réabhlóid i Meiriceá. (Library of Congress, An Chartlann Náisiúnta, Leabharlann an Oireachtais, Oifig Thaifid Phoiblí Thuaisceart Éireann).
- Tús leis an Stair Áitiúil in Éirinn: Bailiúchán tiomsaithe ina dtiomsaítear iarrachtaí a rinne daoine i dtús ré na nua-staire arbh spéis leo an stair áitiúil tuairisc a bhreacadh ar nósanna, ar sheanchas, ar stair agus ar ghnéithe aiceanta a gceantair féin. (Acadamh Ríoga na hÉireann, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Armagh Robinson Library, An Leabharlann Náisiúnta, Ollscoil Mhá Nuad).
- Páipéir Stáit na hÉireann 1660-1715: Tá níos mó ná 40 imleabhar eile de na Páipéir Stáit agus de thaifid an Signet Office le foilsiú. Tá cónascadh déanta idir iad seo agus an Graf Eolais ionas go gcuirtear deis mhaith taighde ar fáil i ndáil leis an ré corraithe seo i stair na hÉireann tar éis bhás Chromail (TNA).
- Gníomhais Chuallacht Naomh Anna, 1237-1778: Órshruth lena mbaineann 800 scéal faoi ghnáthshaol na ndaoine i mBaile Átha Cliath, mar shampla socruithe sochraide sa bhliain 1345, tabhartais a fhágáil le huacht ag príosúnaigh i gCaisleán Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1380, agus mapáil ar shealús ar Ché na gCeannaithe sa bhliain 1739. (Acadamh Ríoga na hÉireann, Coimisiún na Lámhscríbhinní).
- Párchoncas (1171-1307): I measc 8,000 cuntas achoimre i gcló as an Calendar of Documents Relatingto Ireland feictear bailitheoirí cánach as an Iodáil i nGaillimh, lucht póitseála i mBaile Átha Cliath agus talamh á ghabháil ag mná i gCorcaigh (TNA).
Deir an Dr Ciarán Wallace, Stiúrthóir Cláir an Mhaoinchiste agus Roinn na Staire, Coláiste na Tríonóide: “Is ábhar ríméid againn a bheith le fógairt go bhfuil an leath mhilliún sáraithe anois le líon na dtaifead i Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann. Níorbh fhéidir toradh chomh suntasach sin a bheith ar an obair go dtí seo murach cineál faoi leith an chomhair atá á dhéanamh le 100 cartlann, leabharlann agus taisce ar fud an domhain. Tá ceithre cinn d’Órshrutha nua agus cúig cinn de Bhailiúcháin Thiomsaithe á gcur leis an ardán ar tapaíodh níos minice ná 7 milliún uair cheana féin. Nasctar ceangal, trí na bailiúcháin shaothraithe sin, idir stair na hÉireann agus gnéithe den stair ar fud an domhain a bhfuil comóradh á dhéanamh orthu ionas go gcuirtear acmhainní nua ar fáil faoi réimsí éagsúla den stair, mar shampla Éire agus Réabhlóid na Saoirse i Meiriceá agus sinn ag teannadh le USA250, agus an feachtas fadálach ar mhaithe le Fuascailt na gCaitliceach.
“I measc 150,000 cáipéis nua atá á bhfoilsiú anois againn, feictear scéalta faoi lucht póitseála ré na meánaoise, cáin á gearradh ar phrátaí sa bhliain 1692, an ní a bhí i gceist leis an ‘Connaught Worm’, mná ag cur i gcoinne fheachtas Uí Chonaill maidir le Fuascailt na gCaitliceach, agus seasamh na nÉireannach le lucht an Éirí Amach i Meiriceá sa bhliain 1776.
Deir an tOllamh Declan O’Sullivan, Lárionad Thaighde Éireann ADAPT agus Scoil na hEolaíochta Ríomhaireachta agus na Staitisticí i gColáiste na Tríonóide: “Saothar ceannródaíochta atá i nGraf Eolais an Mhaoinchiste maidir le Stair na hÉireann atá ina acmhainn dhigiteach leis na mílte foinsí agus taifid fite fuaite le chéile ionas go gcuirtear ar fáil acmhainn chomh fairsing agus chomh comhcheangailte is a bhí riamh ann maidir le stair na hÉireann. Le bliain anuas, tá beagnach sé mhíle duine nua curtha leis an nGraf Eolais mar gheall ar an gcomhar leis na tionscadail VOICES agus NAISC. Ábhar ríméid faoi leith níos mó ná 2,300 bean ó ré thús na nua-staire a chur leis – rud a leathnaíonn ionadaíocht na mban ar fud na dtuairiscí digiteacha maidir le stair na hÉireann go suntasach – agus níos mó ná 2,500 tarlúint a cheangal leo chomh maith.
“Is breá liom freisin gur leanadh den nuáil maidir le gnéithe a spreagann spéis an phobail sa Ghraf Eolais agus cuireadh gné nua ar a dtugtar “Taispeántas” leis an gcóras i mbliana trínar féidir le staraithe graf eolais bunaithe ar dhaoine agus eachtraí faoi théama áirithe a chnuasach agus a léiriú.
“Is céim thábhachtach chun cinn an leathnú ar Ghraf Eolais an Mhaoinchiste maidir le dlús cónaisc a chruthú i stair na hÉireann ionas gur féidir, agus gur furasta, cuardach a dhéanamh mar gheall air. Tugann seo modhanna nua don lucht taighde, do mhic léinn agus don phobal i gcoitinne tuairiscí ar dhaoine agus ar áiteanna i stair na hÉireann a thabhairt chun aire agus an ceangal idir saol an duine agus na tuairiscí a tháinig slán anuas go dtí an lá atá inniu ann a ríomh.”
Dlús ábhair mar gheall ar chomhar dlúth taighde
Is é an dlús a bhaineann leis an gcomhar taighde idir an Maoinchiste agus páirtithe ar fud na hÉireann agus na Breataine, chomh maith leis an Eoraip, Meiriceá Thuaidh agus an Astráil, is bun leis an dlús ábhair is féidir a chur ar fáil anois. Tá ceangal á chothú idir taifid ó níos mó ná 100 taisce, ina measc na cúig phríomhpháirtí: An Chartlann Náisiúnta, Oifig Thaifid Phoiblí Thuaisceart Éireann, The National Archives UK (TNA), Coimisiún na Lámhscríbhinní agus Leabharlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.
Tá comhar dlúth comhpháirtíochta cothaithe ag an Maoinchiste freisin le tograí suntasacha taighde eile, ina measc an tionscadal VOICES, a bhfuil léargas ann ar shaol na mban i ré na nua-staire in Éirinn, an Díolaim Beathaisnéisí na hÉireann in Acadamh Ríoga na hÉireann agus an tionscadal NAISC (Normandy and Ireland Settlement Connections) a bhfuil cistíocht á chur ar fáil lena aghaidh ag an tSeirbhís Náisiúnta Séadchomharthaí. Ar a n-áireamh le chéile, tá líon is mó ná 15,000 pearsa maidir le stair na hÉireann curtha leis an nGraf Eolais mar gheall ar na tograí éagsúla sin.
Is í an chéad chéim nua eile ag an Maoinchiste an tionscadal dhá bhliain dar teideal ‘Cuairt na hEorpa: Ábhar Cartlainne na nÉireannach sa Fhrainc’ a bheidh á rith i gcomhar le hAmbasáid na hÉireann sa Fhrainc mar a d’fhógair an Taoiseach, Micheál Martin, i mí Bealtaine. Díreofar ar thuairiscí a bhaineann leis an gcaidreamh míleata agus polaitíochta ó ré Wolfe Tone agus Léigiún na nGael in Arm na Fraince, Coláistí na nGael agus diaspóra lucht tráchtála na hÉireann in iarthar na Fraince. Leanfaidh an tionscadal mar ghné oidhreachta de thréimhse Uachtaránachta na hÉireann ar Chomhairle an AE agus beidh ina eiseamláir maidir le comhar cartlainne san am atá romhainn le páirtithe ar fud an AE.
Oidhreacht Leanúnach Dheich mBliana na gCuimhneachán
Sa bhliain 2022 a seoladh Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann mar ghné leanúnach d’oidhreacht Dheich mBliana na gCuimhneachán agus go tráthúil nuair a bhí cothrom 100 bliain ó scriosadh Oifig na dTaifead Poiblí. Cuirtear príomhchistí ar fáil don chlár taighde ón Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt agus tugann páirtithe eile cúnamh fial ina leith freisin.
Media Contact:
Fiona Tyrrell | Media Relations | tyrrellf@tcd.ie | +353 1 896 3551